Gaeilge

Is mise Cormac Manning. Táim 23 bliain d’aois, agus ní as aon teaghlach polaitiúil mé. Táim ag seasamh don Dáil mar creidim i bpolaitíocht ar son leas an phobail.

Chuas go Scoil Barra agus Scoil Phobail Bhaile an Chollaigh. Tá céim Dlí agus Gaeilge agam ó UCC.

Oibreoidh mé go dian chun geilleagar cothrom a chruthú. Caithfimid aire a thabhairt do chách, agus ní lucht saibhir ná lucht Bhaile Átha Cliath amháin. Agus déanfaidh mé mo dhícheall iompar poiblí agus insliú tithe a chur chun tosaigh, agus fuinneamh glan a chur i seilbh an phobail áitiúil.

Má tá fonn ort guth glas a bheith sa Dáil, bheinn buíoch díot dá dtabharfá vóta Uimhir 1 dom.

Tá breis eolais ar fáil ar comhaontasglas.ie.

Cuirim fáilte roimh theangmháil as Gaeilge nó as Béarla.